Here are some books about Cape Clear Island
Tá cur síos as Béarla sa leabhar seo ar
thopagrafacht
Oileán Chléire, áitainmneacha, áiteanna
cónaithe
luatha, an fharraige agus éisc, aimsir an ghorta,
daonra, an creideamh, oideachas, teileachumarsáid,
obair tí agus obair sa ghort, Oileán Cléire
sna 1930í,
scéalaíocht agus údair, deisbhéalaí
mhuintir an
oileáin, éiceolaíocht Chléire, longbháití,
todhchaí an
oileáin.
|

Glactar leis gur rugadh Naomh Ciarán in Oileán
Cléire,
Co. Chorcaí, Éire. Tá cuimhne air i gcónaí
ann mar atá
i Seir Kieran (Co. Ua bhFáilí) agus sa Chorn áit
go
nglaotar Naomh Piran air. Do chuaigh an tOilithreach
Oileánda ó Oileán Cléire go dtí
an Róimh agus do
dhein sé freastal ar phobail Chríostaí i
gCúige Mumhan
agus i gCúige Laighinn maraon le gníomhú
san Iodáil,
sa Bhriotáin, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i
Kernow (An Corn). Bhí sé oiriúnach, dar linn,
an scéal
‘Naomh Ciarán : Pilgrim Islander’ a chur ar
fáil sa
bhliain 2000 ón uair go raibh Oilithreacht Chiaráin
Kernow-Seir ar siúl an bhliain sin ó Oileán
Chléire go
Seir Kieran.
|

Scríobh an Dr. Éamon Lankford (bunaitheoir agus
stiúrthóir Iarsmalann agus Cartlann Oileán
Chléire) an leabhar seo as Gaeilge agus as Béarla.
Tugtar ar turas sinn ar chuimhneacháin a bhaineann leis
an Aois Mheigiliteach agus le hAois an Chré-umha; galláin;
suíomhanna a théann siar go dtí an luath
Chríostaíocht agus a bhaineann le Naomh Ciarán,
éarlamh an oileáin; caisleán Uí Dhrisceoil
- Dún an Óir; Túr Comharthaíochta
na naoú haoise déag agus Seanteach Solais Oileán
Chléire agus tugann sé sinn chomh maith ar turas
éaneolaíochta timpeall an oileáin. Cabhraíonn
an léarscáil daite agus na grianghrafanna go léir
linn na suíomhanna a luaitear sa téacs a aithint
gan stró. Ullmhaíodh an saothar seo ó nótaí
taighde agus ó phainéil taispeántais atá
á gcur le chéile ón mbliain 1976 d’Iarsmalann
Chléire agus ó shaothair eile de chuid an údair.
Déantar tagairt do
thopagrafaíocht, eachtraí stairiúla, áitainmneacha,
longbháití, scríbhneoirí an oileáin,
do thírdhreach
cultúrtha agus do na daoine go bhfuil cónaí
orthu san
oileán neamhghnáthach seo. Tabharfaidh cuairt ar
Iarsmalann Chléire agus ar an Láthair Oidhreachta
tuiscint níos fearr do dhuine ar na rudaí a phléitear
sa leabhrán eolais seo. Tugann an leabhar seo eolas
bunúsach don léitheoir ar stair na farraige, ar
an
mbéaloideas agus ar chultúr phobal an oileáin
mar a
bhí agus mar atá.
|

Clúdaíonn an Dr. Éamon Lankford stair Túr
Comharthaíochta Oileán Chléire, Teach Solais
Oileán
Chléire, tógáil an dá thigh solais
ar an gCarraig
Aonair agus Rás na Carraige Aonair 1979 sa leabhar
fomhuireáin, longbháití, agus tarrthálacha
drámatúla
san fharraige timpeall ar an gCarraig Aonair. Tá an
Charraig Aonair ar na clocha críche is cáiliúla
ar
domhan agus is pointe casta é do Rás na Carraige
Aonair ón mbliain 1925. Tugann Rás Na Carraige Aonair
(a tharlaíonn gach dara bliain) borradh agus fuadar go
hOileán Chléire, Dún na Séad, agus
Sgol de réir mar a
théann luaimh thíortha i bhfad i gcéin thar
an teach
solais. Do dhein stoirm na Carraige Aonair in 1979
tubaist idirnáisiúnta as rás na bliana sin
nuair a
fuair cúig dhuine dhéag bás sa tragóid
is mó dár
tharla riamh i stair na luamhaireachta. Déantar
trácht speisialta in Fasnet Rock: An Charraig Aonair
ar an lucht faire a d’oibrigh ar An gCarraig Aonair ón
mbliain 1854 agus ar na daoine a fuair bás i dtragóid
na bliana 1979.
|

O Driscolls:Past and Present (2005) looks at the early history of the O Driscoll
Clan who have their roots in Corcu Lóegde, now known as Carbery,
in West Cork, Ireland. The tale of centuries of missionary activity
stretching back to early christian times, heroism, piracy, feuding
and open warfare as well as the intrigue, treachery, land grabbing
and the adventures from the sixteenth century to the present of
some people named O Driscoll are presented in this 193 page beautifully
illustrated book. Photographs of castles, people and places, maps
and genealogical charts compliment chapters dealing with the following
aspects of O Driscoll heritage.
Contents:
1. The O'Driscoll and Corcu Loegde 7.
The Twentieth Century
2. Churchmen, Merchants And Mariners 8.
Maritime O Driscolls
3. Finghin The Rover
9.
Cape Clear Islanders Named O Drisceoil
4. Clearing The Land And Scattering The Family 10.
The O Driscoll' Title
5. Baltimore 11.
O Driscoll Castles
6. Eighteenth and Nineteenth Century Notables 12.
The O Driscoll Disapora
|
An tÚdar
|
Cuireadh oideachas ar Éamon Lankford sa Mhodhscoil,
Corcaigh, Coláiste De La Salle, Port Láirge agus
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá aitheantas
faighte aige as ucht a chuid oibre mar bhunathóir agus
mar
stiúrthóir ar chartlann agus ionad taispeántais
in
Iarsmalann Chléire agus sa Láthair Oidhreachta.
Tá sé
ina stiúrthóir ar Logainmneacha Chorcaí a
cuireadh ar
bun in 1996 agus Áitainmneacha Chorcaí in 2000 go
bhfuil sé mar chúram orthu mionáitainmneacha
Chorcaí
agus Chiarraí a bhailiú agus a chur ar léarscála.
Cuireann Cape Clear Island: its People and Landscape
(1999) torthaí bhlianta fada taighde os comhair an
phobail. Tá áitainmneacha de chuid an oileáin,
béaloideas, gineolaíocht agus ábhar a bhaineann
leis
an bhfarraige á mbailiú ag Éamon Lankford
ar feadh a
shaoil agus tá an t-eolas seo á chur le chéile
mar
Chartlann Oileán Chléire.
I measc a shaothair eile tá Naomh Ciarán - Pilgrim
Islander a cuireadh ar fáil don oilithreacht in 2000
[St. Piran - Naomh Ciarán, Kernow (An Corn) - Oileán
Cléire agus Seir Kieran (Co. Ua bhFáilí)].
Tugann
Heritage Trail (Bealach Oidhreachta - 2003) buneolas
don gcuairteoir ar a lán áiteanna a bhaineann le
tírdhreach nádúrtha agus cultúrtha
an oileáin; Insíonn
Fastnet: An Charraig Aonair (2004) scéal Túr
Comharthaíochta agus Teach Solais Oileán Chléire,
tógáil an dá thigh solais ar an gCarraig
Aonair agus
Rás Na Carraige Aonair in 1979.
Bronnadh Ph.D. ar Éamon Lankford in 1995, in Ollscoil
Maigh Nuad, as ucht a chuid taighde topagrafachta. Tá
cónaí air i nDúghlas, Corcaigh, lena bhean
chéile
Máirín agus a mhic Ciarán agus Ultan.
|
Tá na leabhair ar fáil ó:
Cumann Iarsmalann Chléire,
An tÁras,
13 Paráid na Díge,
Corcaigh.
Tel. 353 4274110
FAX 353 4893638
r-phost: logainmneacha@gmail.com
Is féidir iad a cheannach chomh maith ar an idirlíon ó litriocht.com
|
|