Fáilte go suíomh idirlín Chumann Iarsmalann Chléire
Bunaíodh Cumann Iarsmalann Chléire sa bhliain 1981
mar
eagraíocht deonach chun:
(1)Eolas faoi gach gné de shaol oileán Cléire
a fháil amach, a bhailiú agus a chaomhnú.
(2) Bailiúchán iarsmaí saol na ndaoine,
na bhfeirmeacha agus na farraige a eagrú agus iad a chur
os comhair an phobail agus iad a chaomhnú.
(3) Ionad taispeántais agus cartlann dúchais a
fhorbairt chun iarsmaí agus cáipéisí
a bhaineann leis an oileán a chaomhnú. |
Le cabhair phobal an oileáin agus gníomhaíochtaí
de
chuid an Stáit Éireannaigh tá seantigh scoile
athchóirithe ina bhfuil bailiúchán mór
ábhair de chuid
an taispeántais anois.
|
Clúdaíonn panéil taispeántais mínitheacha
pátrúin
lonaíochta, stair na tuaithe, na bhfeirmeacha, na
gineolaíochta, an bhéaloideasa, na n-áitainmneacha,
an oideachais, an ghorta, na telegrafaíochta agus
stair na farraige. Tá an cumann Iarsmalainne tar éis
suirbhéithe seandálaíochta, geolaíochta,
luibheolaíochta, éaneolaíochta, áitainmneacha,
agus
gineolaíochta a dhéanamh ar an oileán agus
tá an
t-eolas seo i dtaisce i gcartlann na hiarsmalainne.
|
Cuimhnímid ar eachtraí stairiúla an oileáin
trí
cheiliúradh bliantúil a dhéanamh agus trí
thaispeántais agus léachtaí a chur ar siúil.
Tá an Iarsmalann agus an Láthair Oidhreachta ar oscailt
gach lá, ó Mheitheamh go Meán Fómhair
agus as sin amach is féidir coinne a dhéanamh le hOifig
na dTurasóirí, an Leabharlann agus Oifig Chomharchumainn
an oileáin. Is féidir freisin turasanna minibus timpeall
an oileáin a eagrú.
|
Tá bunachar cuimsitheach ar bhaistí ó 1819
go 1986 ag an Aonad Taighde Gineolaíochta de chuid na hIarsmalainne;
tá leis eolas ar phóstaí ó 1841 go 1886,
ar adhlacthaí ó circa 1860 go 1900, ar scríbhinn
ar lic reilige; eolas daonáirimh, eolas ar áitritheoirí
talaimh, Leabhair Tí etc. ábhar a bhaineann leis an
oileán ar fad. Tagraíonn cuntais bunachair do dhaoine
a bhí ina
gcónaí ar Oileán Cléire ag am ar bith
ó 1819 amach
agus níl aon trácht sa chuntas sin ar mhíntír
Chorcaí. |
Ón uair go bhfuil Oileán Cléire i gcroílár
na gcríocha
a fágadh le huacht ag muintir Uí Dhrisceoil i ndiaidh
Cath Chionn tSáile (1603), tá suim ar leith ag
Iarsmalann Chléire i scéal ar bith ó éinne
go bhfuil
gaol aige/aici leis na Drisceolaigh ins na ceithre
harda. Ba mhaith le hIarsmalann Chléire glacadh le
ginealaigh mhuintir Uí Dhrisceoil agus le heolas faoi
ghairmeacha beatha a chuirfear isteach sa chód ar na
Drisceolaigh san Iarsmalann. |
Chuirfeadh
Iarsmalann Chléire fáilte roimh cháipéisí
ar bith a bhaineann le Rás Na Carraige Aonair 1979 nó
le rásaí na mblianta eile. Chuirfí fáilte
le cuimhní
cinn, dánta, grianghrafanna, cuntais nuachtáin,
taifeadtaí, cuntais phearsanta, ábhar ar fhístéip
agus ar scannán a chuirfear le Bailiúchán Na
Carraige
Aonair de chuid na hIarsmalainne. Beidh fáilte roimh
éinne a ghlac páirt i Rás Na Carraige Aonair
ag am ar
bith cuairt a thabhairt ar Chuimhneachán Rás Na
Carraige Aonair in Iarsmalann Chléire agus ar an
leacht cuimhneacháin ag Trá Chiaráin. |
| |
| Copyright © Ultan Lankford 2003 V2.1
Last update 20 June 2004
Webmaster
|
|