
Tá Iarsmalann Chléire suite i seantigh scoile
athchóirithe agus tá na céadta iarsmaí
de shaol na
farraige agus de shaol na tuaithe le fáil ann. Tá
196
panéil taispeántais sa bhailiúchán
atá ag plé le
ceithre théama déag ar dhúchas an oileáin.
Tá óna sé
go ceithre phainéal déag dírithe ar gach
téama, ach ní
bhíonn ach cúpla ceann díobh ar taispeáint
ag am ar
bith. Athraítear an taispeántas gach samhradh agus
gach féile chuimhneacháin agus bíonn taispeántais
ar
leithligh ar siúl.
|
|

Ábhair a chlúdaítear sna painéil
taispeántais is ea
Naomh Ciarán - St. Piran: An tOilithreach Oileánda,
seandálaíocht, áitainmneacha, longbháití,
gorta,
oideachas, ginealas, muintir na tuaithe agus an
fheirm, geolaíocht, tithe solais agus túir
chomharthaíochta, teileagraif, iascaireacht agus
béaloideas. Tá taispeántas ar leith ag plé
le teach
solais Na Carraige Aonair agus le Rás Na Carraige
Aonair 1979.
|
|
I measc na n-imeachtaí a cuireadh in eagar san
Iarsmalann is ea Oilithreacht Iubhaile na Mílaoise i
gcuimhne ar Naomh Ciarán - St. Piran ó Chorn go
hOileán Cléire agus Seir Kieran (Co. Ua bhFáilí):
Taispeántas Na Carraige Aonair agus Searmanas
Cuimhneachán ar Rás Na Carraige Aonair 2004.
|
|
Bíonn an Iarsmalann ar oscailt gach lá ó mheán lae go
dtí na 5.00pm ó Mheitheamh go Lúnasa 31 agus ó 1 Meán
Fómhair go 1 Meitheamh ach dul i dteangmháil le
leabharlannaí an oileáin nó le Comharchumann Chléire
Teo - Tel: 353 28 39119. Facs: 353 28 39150
|
|
Is bailiúchán cuimsitheach Cartlann Oileán Chléire de
chuntais ar bhaistí, phóstaí, adhlachtaí, scríbhinn ar
lic reilige, rollaí scoile, liostaí úinéireacht bád
agus talún, torthaí an daonáirimh, léarscála,
béaloideas, cartlann áitainmneacha agus gineolaíochta
atá á mbailiú ag an Dr. Éamon Lankford le tríocha
bliain anuas. Curtha leis an méid seo tá bailiúchán
2,500 grianghrafanna de shaol an oileáin atá
cláraithe faoi théamaí éagsúla. Ní bheidh ábhar na
cartlainne le feiscint ag an bpobal in Iarsmalann
Oileán Cléire agus i leabharlann an oileáin agus i
leabharlann Chontae Chorcaí go dtí Eanáir 2008.
|
|
  |
|
  |
|
|